7 July 2015: #AskLetters1916 chat in Irish | AN GHAEILGE AGUS LITREACHA 1916

#AskLetters1916 | Letters of 1916
#AskLetters1916 | Letters of 1916

Beidh an chéad chomhrá Twitter #AskLetters1916 ar siúl ar an Máirt 7 Iúil idir 5.30 – 6.30 i.n (GMT).  Beidh an comhrá faoi stiúir Emma Ní Chearúil, Forbróir Ardán Ilmheán Conradh na Gaeilge agus iar-iníon léinn na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.  Ábhar cainte na míosa seo ná

AN GHAEILGE AGUS LITREACHA 1916

Beidh an comhrá Twitter seo ag díriú ar na litreacha scríofa idir mhí na Samhna 1915 agus an mhí chéanna i 1916.  Tá roinnt litreacha roghnaithe againn ón gcnuasach atá againn go dtí seo – idir litreacha oifigiúla agus pearsanta.  Más mian leat breathnú ar na litreacha, click here.

Níl le déanamh agaibh ach iad a léamh roimh ré agus a bheith linn 17.30 ar an Máirt 7 Iúil le plé a dhéanamh orthu!

Bígí linn, foireann Litreacha 1916 agus le Emma don chomhrá spéisiúil seo ag breathnú ar litreacha a scríobhadh 100 bliain ó shin nach mór.

Dé Máirt 7 Iúil 2015, 17.30 – 18.30GMT: #AskLetters1916